
CLG Naomh Muire, Íochtar na Rosann, Co. Dhún na nGall
Bunaíodh Club Naomh Muire in 1980 agus is i roinn a 4 a d’imir siad a gcéad cluichí. Thíos i deisceart na Contae i mBaile an Trá (anois Naomh Bríd) a d’imir siad ar tús agus is Baile na Finne (istigh le Naomh Conaill anois) a thug cuairt ar na Méilte don chéad uair. Bhí foireann peile ag Rann na Feirste sular thosaigh Naomh Muire agus d’eascair an club úr as seo. Chonaic na fir a bhí ann san am go raibh gá le daoine as Mullach Dubh, Cionn Caslach agus an Chéideadh a bheith páirteach san chlub fosta.
Contact Us
FÓN: 0879601934 E: secretary.naomhmuirelowerrosses.donegal@gaa.ie |
CLUB LOCATION |