An Cailín Gaelach
Katie Nic a Bhaird - C.L.G. Naomh Muire
Tá Katie Nic a Bhaird ag déanamh ionadaíochta ar son fhó-chumann Naomh Muire. Is as Gaeltacht Rann na Feirste í Katie. Faoi láthair tá Katie ag staidéir don Ardteist agus á hullmhú féin dona scrúduithe. Seo bliain thar a bheith tábhachtach do Katie agus ag an phointe seo tá sí ag smaoiteamh a ghabháil i dtreo na múinteoireachta, Múinteoir Ceoil nó Múinteoir Eacnamaíocht Bhaile, ach go háirithe.
Tá post páirtaimseartha ag Katie i dTábhairne Leo i Mín a Leice, teach tábhairne na gceoltóirí cáiliúla Clannad agus Enya. Tá suim mhór ag Katie sa cheol agus tá glór binn cheoil aici féin. Tá dúil aici san aclaíocht agus d’imir sí ar fhoireann ban Naomh Muire ach tá sí ag glacadh sosa faoi láthair agus í ag díriú ar na scrúduithe. Tá Katie ag dúil go mór le Comórtas Peile na Gaeltachta a bheith ar siúl sna Méilte ag a club féin agus guíonn sí gach ádh ar achan duine a bheidh ag glacadh páirte. |
Aoibhín Ní Dheagha - C.L.G. Ghaoth Dobhair
Is as Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair í Aoibhín Ní Dheagha, agus tá sí iontach bródúil a bheith roghnaithe mar Chailín Gaelach do CLG Ghaoth Dobhair. D’fhás Aoibhín aníos ar imeall na habhanna i gCois Cláidí atá suite i gcroí lár ghaeltacht Ghaoth Dobhair. Ceann de na suimeanna is mó atá aici ná an ceol tradisiúnta. Tá sí mar bhall den ghrúpa ceoil an Crann Óg, agus tá dúil aici dul chuig feilte ceoil ar fud na tíre. Seinneann Aoibhín an Fhidil, agus bíonn sí ag ceol roinnt amhrán áitiúla fosta. Creideann sí go bhfuil sé iontach tábhachtach an ceol áitiúl a thabhairt ó ghlún go glún dul síos ó ghlún go glún, agus ba mhaith a chinntiú go dtarlaíonn sin. Thosaigh Aoibhín a gnó Cácaí Aoibhín nuair a bhí sí 15. Anois ag 20 bliain d’aois tá sí ag dul ó neart go neart ag bácáil d’ócaidí speisialta, agus do shiopaí agus do chaifeanna ar fud chósta Dún na nGall. I mbliana bronnadh an teideal ‘Fiontraí Óg na Bliana’ uirthi, mar gheall ar an obair mhór atá déanta aici lena gnó sa Ghaeltacht. Guíonn sí ‘Adh Mór’ do gach duine a bhéas páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta, agus tá súil aici go mbeidh deireadh seachtaine iontach ann.
|
Aimée Ní Bheirn - C.L.G. Cill Chartha
Tá Aimée Ní Bheirn ag déanamh ionadaíochta ar son CLG Chill Chartha. Tá sí ag déanamh staidéir ar MA i Léann na Gaeilge i bhfiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá céim baitsiléara aici sa Ghnó agus Ghaeilge.
Oibríonn sí go páirtaimseartha i ndrioglann Ard an Rátha, bíonn sí ag obair i dteach tábhairne a clann Teach John Joe’s i gCill Chartha chomh maith. Is Oifigeach na Gaeilge CLG Chill Chartha í Aimée, agus tá sí mar bhall de Chomhairle Paróiste Chill Chartha mar Oifigeach Caidreamh Poiblí fosta. Tá suim mhór aici i bhforbairt pobail, obair dheonach agus an Ghaeilge, go háirithe Gnó trí Mheán na Gaeilge, an Traidisiún Béil, Litríocht agus an t-aistriúchán. |
Caoimhe Nig Fhloinn - C.L.G. Gleann Fhinne
Tá Caoimhe Nig Fhloinn ag déanamh ionadaíochta ar son CLG Ghleann Fhinne.
Rugadh agus tógadh í sa Ghaeltacht-láir i nGleann Fhinne. Is áit tuaithe í Gleann Fhinne agus tá spéis ollmhór ag muintir na háite sa chultúr ghaelach agus sa Ghaeilge. Tá grá láidir ag an phobal sa pheil ghaelach fósta. Tá an club cosúil le clann mór anseo i nGleann Fhinne, rud atá iontach speisialta agus uathúil. Tá sí mar bhall den fhoireann peile áitúil, CLG Ghleann Fhinne. Tá ról lárnach ag an spórt ina saol. Tá sí ag déanamh staidéir ar an bhunmhúinteoireacht in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath. Tá sé ar intinn aici an Ghaeilge a chur chun cinn sa seomra ranga sa todhchaí. Ní féidir a shéanadh gur chailín cainteach, foighneach agus cineálta í. Is aoibhinn léi a bheith ag imirt liathróid láimhe chomh maith. Ba mhaith léi níos mó taisteal a dhéanamh sa todhchaí. |
Amy Ni Ghiobúin - C.L.G. An Clochán Liath
Tá Amy Ni Ghiobúin mar Chailín Gaelach ag CLG An Chlocháin Léith. Tá Amy sa cheathrú bliain in Institiúid Oideachais Marino ag déanamh Bunmhúinteoireacht. Chomh maith leis sin tá post páirtaimseartha aici i leabharlann an Choláiste. Tá an-suim ag Amy i gcúrsaí ceoil agus spóirt agus d'imir sí ar fhoireann peile Choláiste Marino i mbliana. Is duine cineálta, tuisceanach í Amy, is maith léi ag caint agus ag cuidiú le daoine, go háirithe daoine óga.
|
Gráinne Ní Ghallachóir - C.L.G. Naomh Columba
Tá Gráinne Ní Ghallachóir ag déanamh ionadaíochta ar son CLG Naomh Columba.
Rugadh agus tógadh í i nGleann Cholm Cille áit atá tiomnaithe don pheil Ghaelach agus an Ghaeilge. Tá sí mar bhall den fhoireann peile áitiúil, Naomh Columba. Tá ról lárnach ag an spórt ina saol. Tá sí ag freastal ar Choláiste na Carraige agus tá sí sa séú bhliain. An bhliain seo chugainn ba mhaith léi freastal ar Ollscoil na Gaillimhe agus cúrsa commerce a dhéanamh. Is fíor a rá gur duine cainteach agus cairdiúil í agus is breá léi a bheith ag taisteal. |
Caitlín Nic Chathail - C.L.G. Na Rossa
Rugadh Caitlín Nic Chathail i Leitir Mhic a Bhaird, an áit a bhfuil fó-chumann Na Rossa lonnaithe. Tá sí mar bhall den chlub agus d'imir sí peil faoi aois ar feadh blianta. Faraor, níl foireann shinsir ban ag Na Rossa faoi láthair. D'imir athair Chaitlín le fó-chumann Na Rossa lá den tsaoil, chomh maith lena cuid deartháireacha, sula raibh orthu a ghabháil ar imirce. Tá Caitlín ag déanamh staidéir ar an teiripe shaothair in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh agus tá sí go díreach i ndiaidh an chéad bhliain a chríochnú. Is cailín cairdiúil, cuidiúil, cineálta í Caitlín agus is cailín í atá gníomhach ina pobal féin.
|
Aoibhinn Ní Chonaill - C.L.G. Na Dúnaibh
Aoibhinn Ní Chonaill is ainm dom agus tá mé ag déanamh ionadaíochta ar son CLG Na Dúnaibh i gComórtas an Chailín Ghaelaigh i mbliana.
Tá mé ocht mblaina deag d’aois agus tá mé ag déanamh na hardteiste i mbliana. Tá mé ag freastal ar Choláiste Ailigh i Leiter Ceannainn faoi láthair. Tá an Pheil Ghaelach lárnach i mo shaoil. Imrím d'fhoireann shinsear Na Dúnaibh agus chomh maith le sin táim ag imirt ar fhoireann shinsear Dhún na nGall. Tá an Ghaeilge iontach tábhachtach i mo shaol, ní amhain ar scoil ach sa bhaile chomh maith. |
Aoife Ní Ghiobúin - C.L.G. Gael Fhánada
Tá Aoife Ní Ghiobúin ag déanamh ionadaíochta ar son CLG Ghaeil Fhánada i gComórtas an Chailín Ghaelaigh sna Méilte i mbliana.
Tá Aoife ocht mbliana déag d’aois, agus is dalta ardteiste í. Tá sí ag freastal ar Choláiste na Maoile Ruaidhe faoi láthair agus is príomhchinnire í. Duine réchúiseach agus gealgháireach í Aoife agus tá súil aici aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn chun cúrsa Múinteoireacht Bunscoile a dhéanamh. Ó thaobh na Gaeilge de, tá dlúthbhaint ag Aoife le Gort na Trá i nGaeltacht Fhánada, agus d’fhreastail sí ar Ghaelscoil Adhamhnáin sular thug sí aghaidh ar an mheánscoil. Tá spéis iontach ag Aoife i gcúrsaí CLG, agus is imreoir ar fhoireann sinsir Ghaeil Fhánada í san am i láthair. Chomh maith leis sin, is minic a fheictear Aoife i mbun réiteoireachta ag cluichí faoi aois ar Pháirc Uí Shiadhail agus ag tabhairt lámh chuidiú ag traenáil na bhfoirne óga. |